Códú

Den chuid is mó den am bíonn Ryan agus Scott ag déanamh dul chun cinn den scoth ag baint úsáid as Swift Playgrounds ach tá ceardlann nó dhó eagraithe dúinn chun tús a chuir lenár gcuid tuiscint ar thaobh JAVA agus HTML de. Seo sampla den obair atá déanta ag Ryan agus Scott ar Swift Playgrounds go dtí seo… Táimid chun an scáileáin glas agus an app Doink a úsáid chun muid fhéin a iompar isteach sa fís seo chun é a mhíniú i gceann tamailín…

Swift Playgrounds

Ceardlann JAVA le Declan Kennedy (BL 4) 30/1/18

Tháinig Declan suas le cluiche roinnt blianta ó shin ar Scratch. Thosnaigh sé ag úsáid JAVA ag tús na bliana agus tá sé ag iarraidh an cluiche céanna a chuir i gcríoch le haghaidh áiseanna cliste. Taispeáin Declan an Demo dúinn ar a bhfón fhéin agus conas a scríobh sé an cód don cluiche ar bogearra darbh ainm Android Studio.

Seo na scileanna a bheidh ag teastáil uainn sa geilleagar ag dul ar aghaidh agus sna ábhair nua: Códú (Sraith Sóisearach nua) agus Eolaíocht Ríomhaireachta (Ardteist).

Táimid go léir thar a bheith bródúil, as an obair agus an dul chun cinn atá déanta ag Declan.

 

Ceardlann HTML le Cian McAuliffe (BL 4) ag teacht go luath…

 

 

 

 

 

Ryan McNamara

Advertisements